"Go Goals!"

Fáilte chuig cluiche cláir na SFIanna do pháistí.
A Chairde, fáilte chuig an gcluiche cláir “GO GOALS!” Is é cuspóir an chluiche ná cuidiú le páistí teacht ar thuiscint ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, ar conas a théann siad i bhfeidhm ar an saol agus ar an méid is féidir leo a dhéanamh gach lá chun na seacht sprioc déag a bhaint amach faoin mbliain 2030.

Tosaigh an cluiche 

Íoslódáil agus priontáil paca an chluiche

Go Goals!

Bileog an chluiche cláir

Pacáiste an Chluiche

Rialacha an chluiche, dísle agus comharthaí imeartha lena ngearradh amach, agus eolas.

Ceisteanna an chluiche

Foghlaim tuilleadh faoi na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ó na ceisteanna cluiche
SDG-Wheel

Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna)

Is spriocanna tosaíochta iad na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe a théann i ngleic le mórcheisteanna an lae inniu:  fáil réidh leis an mbochtaineacht, a chinntiú go gcuirfear  oideachas fiúntach ar gach páiste, a chinntiú go bhfaighidh gach duine na deiseanna céanna, agus cleachtais tomhaltais agus táirgíochta a chur chun cinn ionas go mbeidh pláinéad níos glaine agus níos sláintiúla againn.